Written answers

Thursday, 18 July 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Fostaíocht Gaeltachta

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

381. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh níos mó post ar fáil sa Ghaeltacht in 2013 de bharr féiltí a bhaineann leis An Gathering; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. . [36355/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil tionscal na turasóireachta agus an Tóstal 2013 thar a bheith tábhachtach do gheilleagar na Gaeltachta maidir le fostaíocht agus ioncam a chruthú do phobal na Gaeltacha ar an mórthír agus ar na hoileáin Ghaeltachta. Go ginearálta, meastar go dtacaíonn gach milliún de chaiteachas turasóireachta le 13 post. Tuigtear ón Údarás, ón aischothú atá faighte acu go dáta, go bhfuil an Tóstal 2013 ag tacú le hinbhuanaitheacht na hearnála turasóireachta agus ag cur leis an eispéireas atá ar fáil do chuairteoirí chuig an nGaeltacht. Tuigfidh an Teachta go mbeidh sé deacair tionchar an Tóstail a thomhais ó thaobh na fostaíochta de go dtí go mbeidh na himeachtaí uile thart agus na staitisticí ábhartha foilsithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.