Written answers

Thursday, 18 July 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Leathanbhanda

Photo of Sandra McLellanSandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

374. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon phlé aige leis an Aire Cumarsáide faoi aon phleananna atá aige chun forbairt a dhéanamh ar an ngréasán idirlín leathanbhanda sa Ghaeltacht, agus go háirithe faoi fhorbairt leathanbhanda i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge i bhfianaise thábhacht an tionscail faisnéise agus thionscal na meán sa Ghaeltacht sin; an leagfaidh sé amach an dul chun cinn atá déanta ar fhorbairt an ghréasáin sin go dtí seo; an dóigh leis go bhfuil tionchar ag an easpa idirlín leathanbhanda ar chruthú post; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36336/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, is mian liom a rá go dtuigim go rí-mhaith an tábhacht a bhaineann le soláthar leathanbhanda ardluais a bheith ar fáil sa Ghaeltacht, ach go háirithe ag na príomhláithreáin fostaíochta. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a foilsíodh anuraidh, is féidir liom a rá go bhfuil an t-ábhar seo á phlé ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Ina theannta sin, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn cumarsáid leanúnach idir an tÚdarás agus an Roinn Cumarsáide maidir le cúrsaí leathanbhanda sa Ghaeltacht. Ag an gcruinniú is déanaí a bhí eatarthu, tuigim gur thug an Roinn Cumarsáide le fios don Údarás go bhfuiltear ag brú ar aghaidh leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda agus go bhfuil 3 chéim i gceist leis an bplean seo:

- Éascú a dhéanamh ar an bpróiseas soláthar leathanbhanda trí roinnt de na constaicí a bhí aitheanta ag na soláthróirí leathanbhanda a bhaint as an mbealach;

- Eolas a bhailiú ó na soláthróirí leathanbhanda faoi cad iad na ceantair ina bhfuil sé i gceist acu soláthar leathanbhanda ardluais a sholáthar, ionas go bhféadfaí na ceantair nach bhfuil sé i gceist acu a chlúdach a aithint; agus

- Le cabhair airgid ón Eoraip, maoiniú a dhéanamh ar sholáthar leathanbhanda ardluais (30MB/s) do gach teach agus gnó nach bhfuil sé i gceist ag na soláthróirí leathanbhanda a chlúdach.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad ag fiosrú bealaí chun a chinntiú go mbeidh soláthar leathanbhanda ardluais ar fáil sna ceantair Ghaeltachta go dtí go mbeidh céim 3 den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda tosaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.