Written answers

Thursday, 18 July 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Curaclam Scoile

Photo of Sandra McLellanSandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

373. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon phlé aige leis an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le hathbhreithniú ar an gcuraclam do scoileanna Gaeltachta; an mbeidh aon ionchur ag an Aire ar na téarmaí tagartha d’aon athbhreithniú den chineál sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36335/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil grúpa oibre ardleibhéil bunaithe idir oifigigh i mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an grúpa seo ag díriú ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i réimse gnímh an oideachais. Tá an t-ábhar atá luaite ag an Teachta i measc na n-ábhar atá á bplé ag an ngrúpa oibre sin. Táim sásta go bhfuil ionchur cuí ag mo Roinn san athbhreithniú atá luaite ag an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.