Written answers
Thursday, 18 July 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Fóram Pleanála Uile-Éireannach
Sandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
372. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas maidir leis an ngá atá ann Fóram Pleanála Uile-Éireannach a bhunú; an bhfuil aon phlean aige a leithéid d’Fhóram a chur ar bun; agus mura bhfuil, an dtabharfaidh sé míniú ina thaobh. [36333/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag a cruinniú in Ard Mhacha ar an 10 Iúil 2013, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua maoinithe a fhaomhadh, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge. Faoi na socruithe nua, beidh tosaíochtaí straitéiseacha á seachadadh ag 6 eagras ceannais a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin agus cuirfear na fóraim chuí ar bun le tacú leis an gcur chuige úr seo.
Sa chomhthéacs sin, beidh dhá fhóram le bunú ag Foras na Gaeilge mar seo a leanas:
- fóram comhpháirtíochta uile-oileáin chun cur chuige comhoibríoch ag an 6 eagras ceannais a chinntiú; agus
- fóram forbartha teanga uile-oileáin atá ionadaíoch de shainleasa teanga áitiúla atá maoinithe ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail.
No comments