Written answers

Tuesday, 11 June 2013

Department of Environment, Community and Local Government

Community Development Initiatives

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

612. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cén méid airgid a bhí ceadaithe ag MFG do thograí sula ndearnadh é a leachtú, cén méid den airgead sin atá íoctha amach agus é briste síos idir na comhlachtaí ar fad a bhí ag íoc amach airgid don chomhlacht seo; an méid atá fós le híoc; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27609/13]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tháinig deireadh le trádáil ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta, MFG, ar 7 Meán Fómhair, 2011, mar gheall ar dhócmhainneacht an chomhlachta. Ina dhiaidh sin, d’iarr mo Roinn léiriú spéise i ról MFG sna ceantair sin a thógáil ar láimh ar na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla (CFÁs) eile. Tugadh Toghranna Ceantair Gaeltachta cóngaracha d’ ocht CFÁs faoi chonarthaí leasaithe ag deireadh 2012 ina dhiaidh sin.

Is é an t-aon cheantar Gaeltachta atá fágtha nach bhfuil clúdaithe faoi láthair ná ceantar Mhaigh Eo Thuaidh. Faoi láthair tá an Roinn ag déanamh measúnú ar léirithe spéise atá curtha faoina bráid le déanaí ag soláthraithe seirbhíse eile ina thaobh seo, agus tá cinneadh beagnach déanta ina thaobh anois. Faoin am a ndearnadh MFG a leachtú bhí maoiniú glan de €4.5 milliún dáilte ar thograí agus suim de €1.99 milliún íoctha amach, ag fágáil fuílleach de €2.5 milliún de thograí oidhreachta.

Le déanaí chuir mo Roinn críoch le hathbhreithniú iomlán ar chaiteachas faoi gnéithe LEADER den Chlár um Fhorbairt Tuaithe 2007-2013 chun an méid maoinithe a bhí fágtha a dháileadh ar na CFÁs go léir atá fostaithe chun an Clár a sholáthar. Mar chuid den phróiseas seo, rinneadh €6 milliún a sholáthar do na ceantair Ghaeltachta a raibh Meitheal Forbartha na Gaeltachta ag freastal orthu cheana. Mar chéad chéim, rinne mo Roinn maoiniú de €3.04 milliún a sholáthar chun freastal ar na comhaid oidhreachta de chuid MFG agus a gcostais riaracháin. Sa tábla thíos tá na sonraí maidir leis na leithdháiltí nua agus na híocaíochtaí déanta ag na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla ag 9 Aibreán, 2013.

Comhlacht Forbartha Áitiúil Leithdháileadh iomlán don Ghaeltacht Íoctha do thograí Gaeltachta
Comhar na nOileán Teo 2,122,427 0
Donegal Local Development Company Limited 1,332,153 0
Mayo North East LEADER Partnership Company 925,548 0
Meath Partnership 245,952 0
North & East Kerry LEADER Partnership Teo 483,183 0
South Kerry Development Partnership 196,009 17,300
South West Mayo Development Company 341,111 133,336
Waterford LEADER Partnership 107,920 0
West Cork Development Partnership 245,697 14,745
 €6,000,000 €165,380

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.