Written answers
Tuesday, 11 June 2013
Department of Environment, Community and Local Government
Island Communities
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
611. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cén méid airgid do thograí atá curtha ar fáil do Chomhar na nOileán Teo agus é briste síos idir tograí do na hoileáin agus Gaeltacht Chonamara; cén méid tograí atá ceadaithe go dáta, leis an mbriseadh síos céanna; cén méid atá íoctha amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27608/13]
Phil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chuir mo Roinn críoch le deanaí le hathbhreithniú iomlán ar chaiteachas faoi gnéithe Leader den Chlár Forbartha Tuaithe 2007-2013 chun an méid maoinithe a bhí fágtha a dháileadh ar na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla go léir atá fostaithe chun an Clár a sholáthar. Mar chuid den phróiseas seo, rinneadh €6 milliún a sholáthar do na ceantair Ghaeltachta a raibh Meitheal Forbartha na Gaeltachta, MFG, ag freastal orthu cheana.
Agus an €6 milliún á dháileadh ar na ceantair Ghaeltachta, mar chéad chéim, rinne mo Roinn maoiniú a sholáthar chun freastal ar na ceangaltais a bhí ann cheana maidir leis na comhaid oidhreachta de chuid MFG agus na costais riaracháin a ghabhann leo sna ceantair Ghaeltachta go léir. Ba í an tsuim iomlán a bhí i gceist ná €3.04 milliún. Bhain €1,175,441 den mhéid seo le Comhar na nOileán i.e. €979,534 maidir le comhaid oidhreachta de chuid MFG agus €195,907 maidir lena gcostais riaracháin. Bronnadh suim iomlán de €2,122,427 ar Chomhar na nOileán do na ceantair Ghaeltachta. Chomh maith leis sin, is í an tsuim athbhreithnithe atá bronnta do na ceantair nach ceantair Ghaeltachta iad a ndéanann Comhar na nOileán orthu ná €4,702,745. Is é an maoiniú iomlán don Chlár atá ar fáil do Chomhar na nOileán mar sin ná €6,825,171. Luaite thíos tá íocaíochtaí agus ceangaltais de chuid an Chuideachta Forbartha Áitiúil.
- | Riaracháin/ Animation | Íocaíochtaí iomlána do thograí | Ceangaltais gan íoc |
---|---|---|---|
Comhar na nOileán | €901,696 | €1,902,511 | €1,117,154 |
No comments