Written answers

Wednesday, 13 March 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Todhchaí Arramara Teo

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le todhchaí Arramara Teo; agus cad atá á dhéanamh aige chun slí bheatha lucht bainte feamainne a chaomhnú. [13092/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá próiseas ar bun ag Údarás na Gaeltachta le tamall anuas chun féachaint ar na roghanna inmharthana agus forbartha is fearr chun todhchaí an chomhlachta Arramara Teo. a dhaingniú. Chuige sin, cuireadh próiseas ar bun chun páirtnéir a aimsiú a bheadh in ann an comhlacht a fhorbairt agus tugadh deis don chomhlacht féin cás gnó a dhéanamh chomh maith.

Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta ar 1 Márta 2013, tógadh cinneadh scaireanna an Údaráis sa chomhlacht a dhíol leis an gcomhlacht Acadian Seaplants Ltd., faoi réir mo chead agus cead an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith faighte agus coinníollacha dlí ina leith a bheith socraithe.

Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go raibh leas na mbainteoirí feamainne lárnach i bpróiseas cinnteoireachta an Údaráis maidir le todhchaí an chomhlachta Arramara Teo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.