Written answers
Wednesday, 13 March 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Maoiniú d'Eagrias Gaeilge
Martin Ferris (Kerry North-West Limerick, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon dul chun cinn déanta chun teacht ar shocrú maidir le maoiniú na mbuneagras Gaeilge. [13098/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas sa bhformáid teanga, a tionóladh in Ard Mhacha ar an 6 Márta 2013, rinneadh tuilleadh plé maidir le bunmhaoiniú do na heagrais Ghaeilge.
D'aontaigh an Chomhairle síneadh a chur leis na socruithe reatha do bhunmhaoiniú go dtí an 31 Nollaig 2013. Tugadh treoir freisin go gcuirfí pleananna chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach - samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí. Tá cóip den Chomhráiteas a d'eisigh an Chomhairle le fáil ag
No comments