Written answers
Wednesday, 13 March 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Mary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le cad atá á dhéanamh ag a Roinn, i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge, chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí nuachta clóite á soláthar mar is cuí don phobal, agus go mbeidh fáil sách leathan ar na meáin Ghaeilge. [13104/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is ar Fhoras na Gaeilge atá an príomhchúram i ndáil le foilsitheoireacht na Gaeilge, lena n-áirítear seirbhísí nuachta clóite a sholáthar mar is cuí don phobal. Tuigtear dom go bhfuil Foras na Gaeilge ag ullmhú le suirbhé a dhéanamh ar an gceist áirithe seo agus go mbeidh sraith de ghrúpaí fócais á reáchtáil acu ar fud na tíre. Is é an aidhm a bhaineann leis na céimeanna sin a ghlacadh ná chun fáil amach cén cineál seirbhíse nuachta clóite go baileach atá de dhíth ó phobal na Gaeilge. Tuigtear dom go mbeidh Foras na Gaeilge ag tabhairt faoin obair sin gan mhoill.
No comments