Written answers
Wednesday, 13 March 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Pádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén céatadán d’fhoirgnimh Údarás na Gaeltachta atá ag luí folamh; an ndéanfaidh sé liosta na bhfoirgneamh sin a bhriseadh síos ar bhonn contae, agus a mhíniú cén plean atá ag an Údarás le húsáid a bhaint astu chun fostaíocht a chruthú. [13096/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá 32% dá chuid aonad inligthe folamh faoi láthair, is é sin 142 aonad folamh as 440 aonad san iomlán.
Tógadh go leor d’aonaid thionsclaíocha Údarás na Gaeltachta sna seachtóidí agus tuigtear dom go bhfuil tuairim is 60% de na haonaid atá folamh fochaighdeánach. Dá bhrí sin, níl siad sa staid gur féidir iad a ligean le tionóntaí faoi láthair agus theastódh uasghrádú agus infheistíocht shubstaintiúil chun iad a thabhairt go dtí an caighdeán atá riachtanach d’fhiontair nua-aimseartha an lae inniu.
Tuigtear dom go bhfuil sé mar sprioc ag an Údarás 10% de na haonaid atá folamh a uasghrádú in 2013/2014, is é sin 9 n-aonad ar chostas iomlán infheistíochta de thart ar €1.8m.
Tá liosta de na haonaid atá folamh faoi láthair briste síos de réir contae sa tábla leis seo.
No comments