Written answers
Wednesday, 13 March 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Comharchumainn Ghaeltachta
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad atá á dhéanamh ag an Roinn chun cabhrú le Comharchumainn Ghaeltachta atá faoi bhrú le fiacha móra. [13091/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireann mo Roinn soláthar airgid bliantúil ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, a chuireann ar a chumas tacaíochtaí a thabhairt do réimse gníomhaíochtaí agus eagraíochtaí, ar a n-áirítear na comharchumainn Ghaeltachta. Tuigfidh an Teachta, dá réir, gur ar an Údarás a luíonn an fhreagracht gnóthaí maidir leis na comharchumainn a láimhseáil.
Ina thaobh sin de, tuigtear dom ón Údarás go bhfuil córas i bhfeidhm chun cabhrú ar bhonn réamhghníomhach le comharchumainn atá ag dul i ngleic le deacrachtaí airgeadais, má bhíonn a leithéid acu. Mar chuid den phróiseas seo, déantar:
- scrúdú ar bhealaí chun barrchostais a laghdú;
- scrúdú ar na féidearthachtaí maidir le maoin a dhíol chun dliteanais a laghdú; agus
- socruithe le hinstitiúidí airgeadais maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar fhiacha agus/nó iasachtaí atá ag seasamh amach.
No comments