Written answers
Wednesday, 27 February 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Íocaíochtaí Deontas
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé liosta a sholáthar de na hirisí agus de na nuachtáin a fuair cúnamh deontais ó Roinn na Gaeltachta, Bord na Gaeilge, Foras na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta ó 1980; agus an ndéanfaidh sé faisnéis a sholáthar i bhfoirm tábla maidir leis an dá bhliain dheireanacha a raibh foilseacháin i gcló lena linn, nó leis na blianta 2011 agus 2012 i gcás foilseacháin atá fós i gcló, is faisnéis i dtaobh cén deontas a fuair na foilseacháin sin, cad é líon na ndaoine a bhí fostaithe leo, cad é líon na gcóipeanna a díoladh i siopaí de réir an eagráin (go laethúil, go seachtainiúil, go míosúil nó de réir cibé minicíochta foilsitheoireachta a bhí acu) agus cad é líon na gcóipeanna a cheannaigh síntiúsóirí de réir an eagráin (go laethúil, go seachtainiúil, go míosúil nó de réir cibé minicíochta foilsitheoireachta a bhí acu). [10586/13]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, is ar Fhoras na Gaeilge atá an príomhchúram i ndáil le foilsitheoireacht na Gaeilge, ar a n-áirítear cúnamh a chur ar fáil do nuachtáin nó irisí atá á bhfoilsiú trí Ghaeilge. Tuigtear dom ón bhForas go bhfuil cúnamh curtha ar fáil do nuachtáin agus irisí mar seo a leanas ó bunaíodh é i mí na Nollag 1999: Lá, Lá Nua, Foinse, Gaelscéal, Comhar, An Sagart, An Timire, NÓSmag, Feasta agus An tUltach. Maidir leis na sonraí atá iarrtha ag an Teachta, tuigim ón bhForas go gcuirfear an t-eolas cuí le chéile agus go seolfar é go díreach chuig an Teachta a luaithe agus is féidir. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, níor thug agus ní thugann an tÚdarás fóirdheontas reáchtála d’aon fhoilsitheoirí nuachtáin nó irise. É sin ráite, tuigtear gur chuir an tÚdarás cúnamh i leith fostaíochta agus oiliúna ar fáil ón mbliain 1980 do chomhlachtaí áirithe foilsitheoireachta nuachtáin agus irisí Gaeilge i ndáil le poist a cruthaíodh sna comhlachtaí sa Ghaeltacht. Tá an t-eolas ábhartha sa tábla thíosluaite.
Foilsitheoir | Foilseachán | Deontas | Tréimhse |
---|---|---|---|
Móinéar Teo | Foinse | €72,223 | 1996 -2001 |
Foilseacháin an Phobail Teo. | Cuisle | €19,046 | 1998-1999 |
Foilseacháin na Ríochta Teo. | Anseo sa Ríocht agus ar fud na Tíre | €12,697 | 1999 |
Preas na Gaeltachta | Lá | €49,600 | 2004 -2006 |
Maidir le mo Roinn féin, aistríodh an fhreagracht maidir le nuachtáin agus irisí go dtí Foras na Gaeilge nuair a bunaíodh é i 1999. Ní bheadh teacht ar na sonraí atá iarrtha ag an Teachta don tréimhse ó 1980 go 1999 gan chuardach a dhéanamh ar bhonn forleathan sna comhaid ábhartha atá curtha i dtaisce i stóras seachtrach. Ní léir dom an tairbhe a thiocfadh as an dua suntasach a bheadh i gceist chun é sin a dhéanamh.
No comments