Written answers
Wednesday, 16 January 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Oileán
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a dhéanfar tairiscintí le haghaidh na seirbhíse aeir go dtí na hOileáin Árann a logáil ó tharla go dtagann deireadh leis an gconradh reatha ag deireadh mhí Lúnasa [1196/13]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist síneadh a chur leis an gconradh seirbhíse aeir go dtí na hOileáin Árann [1197/13]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé ceisteanna 563 agus 564 le chéile.
Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn ag scrúdú na ceiste a bhaineann le hathnuachan an chonartha don tseirbhís aeir do na hOileáin Árann. Tá an scrúdú sin á dhéanamh i gcomhthéacs na gconarthaí uile atá ag mo Roinn do sheirbhísí iompair do na hoileáin agus i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ag mo Roinn do na seirbhísí sin. Déanfar cinneadh maidir leis an tseirbhís aeir go luath.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist freagracht maidir le bunstruchtúr agus fóirdheontais farantóireachta oileán a aistriú chuig na húdaráis áitiúla mar atá luaite i leathanach 39 den fhoilseachán Putting People First; cén plé a bhí ag a Roinn leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil faoin gceist go dáta [1198/13]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon phlean ag mo Roinn faoi láthair chun an fhreagracht maidir le bunstruchtúr agus fóirdheontais farantóireachta oileán a aistriú chuig na húdaráis áitiúla. Cé go raibh teagmháil idir mo Roinn agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ar an ábhar seo, níl aon mhion-phlé déanta ag na Ranna faoin gceist, rud a bheadh riachtanach sula ndéanfaí aon chinneadh sa chás.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard é an líon is mó daltaí in aon teach amháin a n-íocfar deontais ina leith faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge sa bhliain 2013 [1199/13]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Íocadh deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i leith uasmhéid de 14 foghlaimeoirí a bhí ar iostas le teaghlaigh sa Ghaeltacht i 2012.
Moladh i dtuarascáil mo Roinne, dar teideal Athbhreithniú ar chóras na gColáistí Samhraidh a foilsíodh i 2000, gur 14 foghlaimeoirí a bheadh mar uaslíon ceadaithe i ngach teach atá aitheanta faoin scéim agus go gcuirfí an moladh sin i bhfeidhm thar thréimhse 5 bliana. Tá sé i gceist ag mo Roinn leanúint i mbliana ag íoc deontas i leith uasmhéid de 14 foghlaimeoirí i ngach teach atá aitheanta faoin scéim.
No comments