Written answers

Wednesday, 16 January 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a fhógrófar athruithe i scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge do 2013 [1200/13]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, tá áthas orm a rá go leanfar ag íoc deontas i mbliana le teaghlaigh aitheanta Gaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí ar iostas agus iad ag freastal ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Tá soláthar reatha de tuairim is €6.723m ar fáil i mbliana do mo Roinn faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta, lena n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Is figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastachán a bheith foilsithe agus faofa i mí Feabhra 2013. Maidir le haon athrú a bheadh le déanamh ar an scéim, ní miste a rá go mbíonn cumarsáid rialta ag mo Roinn le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS).

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.