Written answers

Wednesday, 28 November 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Forálacha Pinsin

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sé tábla ar fáil a thugann miondealú, ar bhonn gráid agus scála, ar na 136 phinsean atá á n-íoc ag Údarás na Gaeltachta le hiarfhostaithe na heagraíochta, tábla a thugann miondealú, ar bhonn gráid agus scála, ar na pinsin atá á n-íoc ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hiarfhostaithe na Roinne, an dtabharfaidh sé líon na mball foirne, más ann dóibh, a bhíodh ag obair d'Údarás na Gaeltachta, a chuaigh ar scor agus atá fostaithe ag an Údarás ó shin, nó atá ag fáil íocaíocht i bhfoirm eile ón Údarás, agus miondealú a thabhairt ar an líon sin ar bhonn gráid agus scála pá, an dtabharfaidh sé líon na mball foirne, más ann dóibh, a bhíodh ag obair don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a chuaigh ar scor agus atá fostaithe ag an Údarás ó shin, nó atá ag fáil íocaíocht i bhfoirm eile ón Roinn, agus miondealú a thabhairt ar an líon sin ar bhonn gráid agus scála pá; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52974/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, déantar teidlíochtaí aonair pinsin a ríomh trí thagairt do phá an duine agus d'fhad seirbhíse ar an dáta scoir. Tá miondealú de réir réimse luacha na 136 pinsean a íocann Údarás na Gaeltachta faoi láthair i leith iarfhostaithe leagtha amach sa tábla thíos. Féadfaidh an Teachta a nótáil go n-íoctar 16 de na pinsin sin le baintreacha iarfhostaithe.

Luach an phinsin bhliantúil
Líon atá á fháil
0 – 10,000
28
10,001 – 20,000
38
20,001 – 30,000
18
30,001 – 40,000
13
40,001 – 50,000
18
50,001 – 60,000
12
60,001 – 70,000
5
70,001 – 80,000
4
Iomlán
136

Maidir le foireann atá ar scor ó mo Roinnse, is eol don Teachta gur ar Oifig an Phámháistir Ghinearálta atá an fhreagracht maidir le riar agus le híoc pinsean i ndáil le státseirbhísigh atá ar scor.

Mar a chuir mé in iúl don Teach cheana, tá Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire ag fostú aturnae atá ar scor ar chonradh deich mí atá le dul in éag ar an 31 Nollaig 2012. €39,438 a bheidh mar chostas foriomlán an chonartha seo. Ní mór a nótáil go raibh iar-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta fostaithe chomh maith mar Phríomhfheidhmeannach eatramhach ar an gcomhlacht sin ar feadh tréimhse ceithre mhí a dtáinig críoch léi ar an 30 Aibreán 2012 ar chostas €20,916. Tá curtha in iúl dom gur cuireadh an prionsabal lacáiste i bhfeidhm sa dá chás sin.

Níor athfhostaigh Údarás na Gaeltachta ball ar bith foirne de chuid mo Roinnse a chuaigh ar scor, ná ball ar bith foirne ar scor atá ag fáil íocaíochta ó mo Roinnse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.