Written answers

Wednesday, 28 November 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Soláthar Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Robert TroyRobert Troy (Longford-Westmeath, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé buartha faoin líon daoine a bhfuil Gaeilge acu sna Ranna éagsúla atá ag éirí as an obair, an mbeidh sé in ann a dhóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt isteach ina Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52996/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, ní mór dom a mhíniú don Teachta nach bhfuil aon fheidhm reachtúil agam maidir le hearcaíocht don Státseirbhís. Is ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá an fhreagracht sin.

É sin ráite, tuigimid go léir go bhfuil cumas an Státchórais seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar níos teoranta faoi láthair, go háirithe ó thaobh acmhainní daonna de. Aithním, dá réir, an dúshlán mór a bhaineann le dóthain oifigeach le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar fáil trasna an Státchórais le seirbhísí a sholáthar trí Gaeilge.

Cuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla creat ar fáil chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge de réir a chéile, ionas gur féidir dualgais an Stáit a chomhlíonadh ar bhealach comhtháite i gcomhréir leis na hacmhainní atá ar fáil. Tá an tAcht á chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, i gcomhréir leis an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí ar leith. Ní miste a rá go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm in 2003.

Aithníodh ón tús go bhfuil acmhainní teoranta ag comhlachtaí poiblí chun seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar don phobal agus go bhfuil dúshláin ar leith ann dóibh dá réir chun líon agus caighdeán na seirbhísí sin a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, ní miste an méid atá ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 maidir le hearcaíocht sa Státchóras a nótáil: is é sin go ndéanfar socruithe cuí chun cur leis an líon oifigeach atá in ann feidhmiú go dátheangach agus go mbunófar na socruithe sin de réir a chéile, ag aithint na srianta earcaíochta atá ann faoi láthair. Chomh maith leis sin, tá sé ráite sa Straitéis go ndéanfar cláir oiliúna teanga a fhorbairt chun cur le líon na n-oifigeach atá in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

Tá an cur chuige is oiriúnaí chun feidhm a thabhairt do na bearta éagsúla sin á bplé ag mo Roinnse, mar chuid de chur i bhfeidhm na Straitéise, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus páirtithe leasmhara eile, ag tógáil san áireamh na srianta ar acmhainní atá i bhfeidhm faoi láthair. Mar chéad chéim, tá sé aontaithe i bprionsabal leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go mbeidh mo Roinnse freagrach as socruithe a fheidhmiú i ndáil le hoiliúint foirne agus le measúnú inniúlachta foirne in úsáid na Gaeilge sa Státseirbhís agus in earnálacha áirithe den tseirbhís phoiblí. Táthar ag súil go mbeidh na socruithe seo curtha i bhfeidhm ó thús na bliana úire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.