Written answers

Wednesday, 28 November 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas ar na himpleachtaí a bheidh ann d'Údarás na Gaeltachta ag an gcinneadh deireadh a chur le Boird Fiontar contae agus Oifigí Fiontar áitiúla a chur ina n-áit, agus cé na himpleachtaí a bheidh ag an gcinneadh seo d'fheidhmeanna fiontair Údarás na Gaeltachta. [52971/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi reachtaíocht Údarás na Gaeltachta, 1979–2010 (arna leasú ag Acht na Gaeltachta, 2012), tá feidhm reachtúil ag Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn. Níl sé i gceist go dtiocfaidh aon athrú ar an bhfeidhm reachtúil sin mar gheall ar bhunú oifigí fiontar áitiúla in ionad na mBord Fiontar Contae atá ann faoi láthair.

Go stairiúil, tá comhoibriú an-mhaith idir Údarás na Gaeltachta agus na Boird Fiontar sna contaetha a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndlínse agus tá socruithe i bhfeidhm a chinntíonn gurb é an tÚdarás atá freagrach as forbairt micreathionscadal sa Ghaeltacht. Leanfar leis an gcomhoibriú seo faoin struchtúr nua atá beartaithe do na hoifigí fiontar áitiúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.