Written answers

Wednesday, 28 November 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Oifig an Choimisinéara Teanga

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas faoin gcónascadh atá beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman, cé na himpleachtaí a bheidh ag an gcinneadh seo d’fhostaithe Oifig an Choimisinéara, agus cé na haistrithe atá beartaithe sna míonna atá le teacht de bharr an chinnidh seo. [52980/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tógadh cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman, mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna 2011. Tar éis don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar 31 Deireadh Fómhair 2012 ar an dul chun cinn atá déanta go dáta faoin bplean, tháinig an Rialtas ar chomhaontú ar réimse gníomhartha athchóirithe atá le cur i bhfeidhm faoin bplean.

Is iad seo a leanas na gníomhartha atá á i gceist i ndáil le hOifig an Choimisinéara Teanga:

- Déanfar Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman.

- Aistreofar cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chuig an Ombudsman agus tarmligfear iad chuig an gCoimisinéir Teanga faoin reachtaíocht leasaithe.

- Leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara Teanga go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá mo Roinnse ag obair leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun an cónascadh seo a chur i bhfeidhm. Breathnófar ar cheisteanna a bhaineann le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga i gcomhthéacs an phlé sin leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.