Written answers

Tuesday, 13 November 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh reachtaíocht ag teastáil le deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha ó tharla go bhfuil an Coimisiún luaite in Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49604/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a d’fhógair mé go poiblí ar 31 Deireadh Fómhair 2012, tá cinneadh déanta ag an Rialtas faoin bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí go dtiocfaidh coiste saineolaithe a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono in áit an Choimisiúin Logainmneacha.

Chuaigh téarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha deireanach in éag ar an 11 Deireadh Fómhair 2012. Tá oifigigh mo Roinne ag obair i láthair na huaire ar chritéir a fhorbairt don choiste saineolaithe nua agus táthar ag súil go mbeifear ag lorg léirithe spéise sna seachtainí atá amach romhainn.

Ar ndóigh, teastóidh leasú ar Chuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chomh fada agus a bhaineann sé leis an chur chuige chun ordú logainmneacha a dhéanamh agus tá súil agam go mbeifear in ann céimeanna dá réir a ghlacadh go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.