Written answers

Tuesday, 13 November 2012

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cuanna agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgead a chaith a Roinn ar an mBlascaod Mór in 2011 agus in 2012 go dáta; céard air a caitheadh an t-airgead; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49441/12]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéid airgid a chaith a Roinn ar an mBlascaod in 2011 agus 2012 go dáta, cé air a caitheadh an t-airgead; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49605/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 421 agus 423 le chéile.

Rinne Comhairle Contae Chiarraí iarratas ar chúnamh ó mo Roinnse chun oibreacha cothabhála agus caomhnaithe a chur i gcrích ar an mBlascaod Mór i mí Lúnasa 2012. Is costas de €52,350 a bhí luaite leis an bhfánán agus le hoibreacha eile ar an oileán. Ceadaíodh deontas de €15,400 do Chomhairle Contae Chiarraí ar 28 Meán Fómhair 2012 i leith na n-oibreacha ar an bhfánán. Níl an t-airgead sin íoctha amach go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.