Written answers

Wednesday, 18 July 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Scéimeanna Teanga

10:00 pm

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 17: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad scéim teanga atá daingnithe ag an Roinn ó thús na bliana agus an féidir leis clár ama a thabhairt dúinn faoin méid atá fós le daingniú; an féidir leis liosta de na scéimeanna teanga atá imithe in éag le breis agus trí bliana a thabhairt dúinn freisin [35023/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá trí scéim teanga daingnithe agam faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtí seo i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 107 scéim teanga san iomlán, a chlúdaíonn 192 comhlacht poiblí, daingnithe ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm. De réir fhorálacha an Achta, tá feidhm ag scéim teanga ar feadh tréimhse trí bliana ón uair a dhaingnítear í nó go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is déanaí. Dá bhrí sin, tá feidhm i gcónaí le gach scéim teanga atá daingnithe go dtí seo ag mo Roinnse. Tá sonraí maidir leis na scéimeanna atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá á n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.

Tá plé leanúnach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le comhlachtaí poiblí maidir le scéimeanna teanga a ullmhú agus a aontú. Sa chomhthéacs sin, tá suas le 20 dréachtscéim á bplé go gníomhach ag mo Roinnse faoi láthair agus tá mé dóchasach go ndéanfar dul chun cinn sásúil chun tuilleadh scéimeanna a aontú faoi dheireadh na bliana seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.