Written answers

Wednesday, 18 July 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Straitéis 20 Bliain

10:00 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 16: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid cruinniú a bhí ag na coistí ardfheidhmeannach atá ag comhordú chur chun cinn na Straitéise Fiche Bliain ón am deireanach ar thóg sé ceisteanna Gaeltachta agus cén dul chun cinn atá déanta. [35033/12]

Photo of Willie O'DeaWillie O'Dea (Limerick City, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 27: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na cruinnithe atá i gceist a bheith aige leis an Roinn Oideachais mar gheall ar an nGaeilge a mhúineadh ag an gcéad leibhéal agus an dara leibhéal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35392/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 16 agus 27 le chéile.

Tá struchtúir ar leith bunaithe chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a sheachadadh agus eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear Coiste Rialtais, grúpa oifigeach sinsearach, grúpa idir-Rannach agus grúpaí ardleibhéil.

Maidir leis an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach mar chathaoirleach air, bhí an cruinniú deireanach den Choiste sin ar an 5 Meitheamh agus beidh an chéad chruinniú eile ann amárach. Mar a bheifí ag siúl leis, bíonn cúrsaí oideachais faoi chaidil ag an Choiste Rialtais ó thráth go céile.

Maidir leis an nGrúpa Idir-Rannach atá ag feidhmiú faoi mo chathaoirleacht, bhí an cruinniú deireanach den ghrúpa sin ar an 27 Meitheamh chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa Straitéis a bhrú chun cinn ar bhealach comhtháite.

Chomh maith leis na grúpaí sin, tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag mo Roinnse leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den Straitéis. Eagraítear cruinnithe de na grúpaí oibre sin, de réir mar is gá. Mar shampla, bhí an cruinniú deireanach den ghrúpa oibre ardleibhéil idir mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an 5 Meitheamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.