Written answers

Tuesday, 19 June 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

An Teanga Gaeilge

8:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 410: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén staid ag a bhfuil na haighneachtaí maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; an bhfuil saineolaí neamhspleách faighte le tuarascáil a chur le chéile maidir leis na haighneachtaí úd go fóill; cathain a bheidh scéal á scaipeadh ar an bpobal maidir leis na haighneachtaí agus leis an gcéad chéim eile den athbhreithniú ar an Acht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29509/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I dtús báire, is mian liom a mhiniú go bhfuil an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á stiúradh ag mo Roinnse. Mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin poiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú, fuarthas timpeall 1,400 freagra ar shuirbhé maidir le seirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí, chomh maith le 260 aighneacht ó hiliomad páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus an pobal i gcoitinne. Tá anailís ar na moltaí éagsúla a fuarthas ar siúl ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.

Faoi réir théarmaí tagartha an athbhreithnithe, is féidir leas a bhaint as saineolaithe seachtracha, saineolaithe acadúla agus idirnáisiúnta san áireamh, de réir mar is cuí. Is fiú a lua fosta go dtabharfar aird ar dhea-chleachtas i dtaca le soláthar seirbhísí teanga ag comhlachtaí poiblí i ndlínsí eile. Tar éis don athbhreithniú a bheith curtha i gcrích, déanfar an cás do leasú na reachtaíochta a bhreithniú agus cuirfear moltaí cuí i dtaca leis sin faoi bhráid an Rialtais. Táthar ag súil leis go bhfoilseofar ar shuíomh gréasáin mo Roinne in am trátha torthaí an tsuirbhé agus na haighneachtaí a fuarthas uathu siúd a chuir in iúl go raibh siad sásta go bhfoilseofaí iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.