Written answers

Tuesday, 19 June 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

8:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 409: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an aontaíonn sé gur chóir go mbeadh na heagraíochtaí pobail Gaeilge páirteach sa struchtúr do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ionas nach gcaillfidh an pobal seilbh ar an Straitéis, mar atá ag tarlú i láthair na huaire; an aontaíonn sé gur fearr go mbeadh na húdaráis agus an pobal - trí na heagraíochtaí pobail - ag gníomhú agus ag obair le chéile chun aon straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach, éifeachtúil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29508/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail mar ghné lárnach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 . Faoi Bhille na Gaeltachta 2012 atá foilsithe inniu, tabharfar feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do 19 limistéir pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht. Bunaíodh na ceantair seo cuid mhaith ar na limistéir pleanála a bhí ag Údarás na Gaeltachta, ag cur san áireamh cúrsaí teanga, cúrsaí tíreolaíochta, struchtúir pobail agus dlús daonra. Beidh plean teanga le réiteach ag gach ceann de na limistéir seo in imeacht ama. Tá sé i gceist go n-aontóidh na pobail sna limistéir éagsúla pleananna teanga le hÚdarás na Gaeltachta agus go gcuirfear faoi bhráid mo Roinnse iad le measúnú a dhéanamh orthu. Nuair a bheidh siad faofa, tabharfar tréimhse ama don phobal chun iad a chur i bhfeidhm. Ar ndóigh, déanfaidh mo Roinnse athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na bpleananna go tréimhsiúil.

Faoi láthair, tá Údarás na Gaeltachta ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla sa Ghaeltacht, ar nós comharchumainn agus comhlachtaí forbartha. Táthar aontaithe go mbeidh príomheagraíocht cinnireachta amháin i ngach limistéar pleanála teanga chun an próiseas pleanála teanga a stiúradh agus go mbeidh na heagraíochtaí eile sa limistéar pleanála teanga céanna ag feidhmiú faoin bpríomheagraíocht sin, mar a bhaineann sé leis an bpleanáil teanga. Ós rud é go bhfuil na heagraíochtaí seo maoinithe ag an Údarás, is faoin Údarás a bheidh sé na céimeanna cuí a thógáil i gcomhar leis na heagraíochtaí féin chun an cur chuige seo a fhorbairt agus a fheidhmiú.

Ar ndóigh, tá sé tábhachtach freisin nach mbeidh an próiseas pleanála teanga seo teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Dá bhrí sin, tabharfar stádas reachtúil faoi Bhille na Gaeltachta 2012 do Líonraí Gaeilge agus do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Faoin mBille, tá sé i gceist go mbeidh na pobail sna ceantair seo ag aontú pleananna teanga le Foras na Gaeilge agus le hÚdarás na Gaeltachta, de réir mar is cuí, agus go gcuirfear na pleananna sin faoi bhráid mo Roinnse le measúnú a dhéanamh orthu.

Ní miste a rá go bhfuil fócasghrúpa ar a bhfuil ionadaithe ó eagraíochtaí pobalbhunaithe i gCluain Dolcáin, Ceatharlach agus Inis bunaithe ag mo Roinnse, i gcomhar le Foras na Gaeilge, chun tarraingt ar an saineolas atá ag na pobail sin maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gcuid ceantair féin. Anuas air sin, tionóladh seisiúin eolais agus cruinnithe idir oifigigh mo Roinne agus eagraíochtaí éagsúla le bliain anuas ar mhaithe leis na heagraíochtaí sin a choinneáil ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise. I measc na n-eagraíochtaí seo, bhí Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Glór na nGael, an Foras Pátrúnachta, Gaelscoileanna agus an Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaelscolaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.