Written answers

Wednesday, 18 April 2012

Department of Education and Skills

Scéimeanna Tógála Scoile

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 323: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil iarratas faighte aige bualadh le toscaireacht traspháirtí de bhaill an Oireachtais i nGaillimh Thiar maidir le Gaelscoil Mhic Amhlaigh agus, má tá, cén uair a bheidh an cruinniú ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18303/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Táim feasach ar na cúraim atá curtha in iúl ag an bpobal scoile dá dtagraíonn an Teachta agus fuair mé comhfhreagras ón bPríomhoide le linn mo chuairte ar Ghaillimh le déanaí. Bhuail oifigigh as Aonad Pleanála agus Tógála mo Roinne le Gaelscoil Mhic Amhlaigh agus le scoileanna eile na háite le déanaí chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.