Written answers
Wednesday, 18 April 2012
Department of Education and Skills
Rollú Scoile
10:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 322: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cad é líon measta na ngasúr atá ag freastal ar bhunscoileanna i gcathair na Gaillimhe faoi láthair agus líon measta na ngasúr a bheidh ann i gceann cúig bliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18302/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá líon na ndaltaí bunscoile de réir chontae curtha ar fáil i nDaonáireamh Bliantúil na Scoileanna Náisiúnta. Táthar ag tabhairt an daonáirimh don bhliain reatha (2011-12) chun críche faoi láthair, agus foilseofar na torthaí ar shuíomh gréasáin mo Roinne níos déanaí i mbliana. Sa scoilbhliain 2010-11 bhí 6,868 dalta ag freastal ar bhunscoileanna príomhshrutha agus bhí 177 dalta ag freastal ar scoileanna speisialta. Níl réamh-mheastacháin ar rollú le fáil ach ag an leibhéal násiúnta agus tá fáil orthu ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag an nasc seo a leanas, www.education.ie/home/home.jsp?pcategory=17216&ecategory=52107&language=EN.
No comments