Written answers

Tuesday, 28 February 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Plean Straitéise don Ghaeltacht

8:00 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 440: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén bhéim atá ar phoist a chur ar fáil sa Ghaeltacht sa "Plean Gníomhaíohcta le haghaidh Post, 2012"; cén plean straitéise atá ann don Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10923/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sé mar aidhm ag an bPlean Gnímh le haghaidh Post 2012 , a foilsíodh i mí Feabhra 2012, tacú ar bhealach uileghabhálach le deiseanna fostaíochta a ghiniúint ar fud an Stáit. Chuige sin, cuimsíonn gníomhartha an phlean chun poist a sheachadadh gach Roinn Rialtais agus os cionn 35 áisíneacht agus oifig Stáit, mo Roinnse agus Údarás na Gaeltachta san áireamh.

Sonraíonn an plean dá réir go mbeidh baint ag Údarás na Gaeltachta le gníomhartha ar leith atá ábhartha dá fheidhmeanna, go háirithe i ndáil le forbairt a dhéanamh ar earnálacha nideoige, mar shampla, uisceshaothrú, próiseáil éisc, turasóireacht chultúrtha, na healaíona, na tionscail chruthaitheacha, an tionscal closamhairc agus na meáin dhigiteacha. Aithníonn an plean fosta an múnla rathúil atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta cheana chun tacú le pobail áitiúla deiseanna fostaíochta a aimsiú, go háirithe i gcomhthéacs na n-acmhainní nádúrtha atá ar fáil dóibh.

Tá suim iomlán de €19.082m curtha ar fáil i Vóta mo Roinne d'Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha chun cuidiú leis a chuid spriocanna a bhaint amach. Anuas air sin, tá cead ag Údarás na Gaeltachta an fáltas a fhaightear ó dhíol maoine a athinfheistiú ina chláir chaipitil. Tuigim go mbeidh fáil ag Údarás na Gaeltachta ar circa €5m eile i mbliana chun na críche sin.

D'fhógair Údarás na Gaeltachta ina ráiteas deireadh bliana ar 23 Eanáir 2012 go bhfuil sé ag súil, leis na hacmhainní atá ar fáil dó, go gceadófar tograí nua i rith na bliana a chruthóidh thart ar 700 post nua. I rith 2012, díreoidh straitéis fhiontraíochta an Údaráis ar thacaíocht a sholáthar dá chomhlachtaí reatha, infheistíocht bhreise a lorg ó chliantchuideachtaí nua agus reatha, agus tacú le fiontair a bheidh bunaithe ar acmhainní nádúrtha. Cuirfear béim ar leith ar an bhfostaíocht a cailleadh i gceantair áirithe le roinnt blianta anuas a athchur agus ar an bhfostaíocht sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais chuig leibhéil a bhí ann roimhe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.