Written answers

Tuesday, 28 February 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Foras na Gaeilge

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 439: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas treoir a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge leanacht den infheistíocht a bhí á déanamh aige in úsáid na teicneolaíochta faisnéise i dtaca le forbairt na Gaeilge go mór mór ó thaobh luathscríbhneoireacht na teanga, sintéis na Gaeilge agus deiseanna ríomhaireachta chun litriú Gaeilge a cheartú, agus ábhar eile mar é; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10904/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aithnítear go mbaineann tábhacht nach beag le nuálaíocht i réimse na teicneolaíochta faisnéise chun an Ghaeilge a fhorbairt don aonú haois is fiche. Dá réir sin, tá dul chun cinn mór déanta ag Foras na Gaeilge sa réimse seo le blianta beaga anuas. Mar shampla, bhí ról lárnach ag Foras na Gaeilge i bhforbairt na dtionscadal seo a leanas:

§ Bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge – www.focal.ie – agus dlúthdhiosca den phríomhbhailiúchán téarmaíochta forbartha mar áis don té gan cheangal idirlín;

§ Sintéiseoir Gaeilge don dá mhór-chanúint, Uladh agus Connacht;

§ Cuimhní aistriúcháin – MemoQ – chomh maith le traenáil ina n-úsáid;

§ Cúrsa oiliúna ar line d'aistritheoirí atá creidiúnaithe ag Ollscoil na hÉireann Má Nuad;

§ Siollabas do theagasc na Gaeilge ag an tríú leibhéal – www.teagascnagaeilge.ie ;

§ Leaganacha de Microsoft i nGaeilge – le híoslodáil saor in aisce ó shuíomh Microsoft;

§ Tuarthéacs; feidhmchlár thuarthéacs do ghutháin Vodafone; agus tionscadal guthán a chuireann nua-théarmaíocht i nGaeilge ar fáil – www.getthefocal.com ;

§ Leagan leictreonach den Fhoclóir Nua Béarla/Gaeilge a bheidh ar fáil faoi dheireadh na bliana 2012.

Is féidir liom a dheimhniú go bhfaigheann an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas tuairiscí rialta ó Fhoras na Gaeilge maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh sna réimsí éagsúla atá idir lámha aige, lena n-áirítear úsáid na teicneolaíochta faisnéise i bhforbairt na Gaeilge. Leanfaidh an Chomhairle leis an tacaíocht don réimse oibre sin, de réir mar is cuí, i gcomhthéacs tosaíochtaí eile mar aon le cúrsaí buiséid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.