Written answers
Tuesday, 18 October 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla
9:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 306: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun chinn atá déanta aige ar mholtaí an Choimisinéara Teanga a chur i bhfeidhm [30179/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt do na moltaí a rinne an Coimisinéir Teanga i dtuairisc a d'fhoilsigh sé níos luaithe i mbliana i ndáil leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá ullmhúcháin sa treis ag mo Roinn faoi láthair chun tús a chur leis an athbhreithniú ar an Acht i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gClár an Rialtais. Beidh próiseas comhairlúcháin le páirtithe leasmhara mar chuid den athbhreithniú agus, sa chomhthéacs seo, is cinnte go dtógfar san áireamh na moltaí maidir leis an Acht Teanga atá foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga. Tá súil agam fógra a dhéanamh go han-luath maidir le tús a chur leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
No comments