Written answers

Thursday, 13 October 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Scéimeanna Rannach

2:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 128: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige faomhadh a thabhairt do na dréachtscéimeanna atá molta ag Foras na Gaeilge ag cur san áireamh an mhíshástacht atá ar chuid mhaith den earnáil dheonach Ghaeilge faoi na scéimeanna agus an éiginnteacht a chothóidh na scéimeanna seo maidir le cistíocht leanúnach do chuid de na heagraíochtaí is foirfe Gaeilge dá bhfuil ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29375/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a thuigfidh an Teachta Dála, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a ghlacann na cinntí straitéiseacha maidir le Foras na Gaeilge.

Ag an gcruinniú CATT ar 12 Deireadh Fómhair 2011, nótáladh an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.

Iarradh ar an bhForas tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a chur ar fáil i ndáil le punann na ndréacht-scéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe agus a chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na dréacht-scéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú. Iarradh freisin go ndéanfaí an punann dréacht-scéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe.

Chomh maith leis sin, iarradh ar an bhForas cás gnó mionsonraithe a ullmhú, le cúnamh neamhspleách más gá, chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna, mar aon le plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, i gcomhar leis na Ranna Urraíochta, a thabharfaidh aird mar is cuí ar chur i gcrích an phróisis athbhreithnithe mar bheart práinne.

D'aontaigh an CATT go ndéanfaí ordú ag an am cuí faoi alt 28(2)(b) den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (Uimh.1 de 1999) chun an tagairt do na heagraíochtaí atá liostaithe sa tábla sa mhír seo a bhaint. D'iarr an CATT tuarascáil eile ar an dul chun cinn maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe ag an gcéad chruinniú eile den CATT i mí Feabhra 2012.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.