Written answers

Thursday, 13 October 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Caiteachas Rannach

2:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 127: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an méid airgid atá curtha ar fáil sna meastacháin athbhreithnithe do chaiteachas ar thithíocht sa Ghaeltacht, áiseanna pobail agus spóirt, bóithre, uisce agus séarachas agus oibreacha mara, an caiteachas faoi gach fomhír go dáta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29374/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Léirítear sna táblaí leis seo an soláthar caipitil atá curtha ar fáil sna meastacháin athbhreithnithe agus an caiteachas atá déanta go dtí seo i mbliana i leith na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta agus Oileáin. Tá mé sásta go bhfuil soláthar dóthanach sna fomhíreanna seo le freastal ar riachtanais na Gaeltachta agus na n-oileán i mbliana, ag cur san áireamh an maoiniú atá ceadaithe sna réimsí éagsúla agus atá le híoc ag an Roinn as seo go deireadh na bliana.

FomhírSolátharCaiteachas go dáta
D.1 Tithíocht, Áiseanna Caitheamh Aimsire, Bóithre, Uisce, Séarachas agus Muiroibreacha sa Ghaeltacht€2,500,000€1,326,624
D.8 Oileáin (soláthar caipitil)€3,700,000€2,468,600

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.