Written answers
Tuesday, 27 September 2011
Department of Agriculture, Marine and Food
Íocaíocht Deontais
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 454: To ask the Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le híocaíocht REPS 2010 do dhuine i mo dháilcheantar (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26314/11]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Thosaigh an duine ainmnithe Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath 4 (REPS 4) i mí an Mheithimh 2009 agus fuair sé íocaíocht iomlán don chéad bhliain dá chonartha. Eisíodh 75% den íocaíocht de €1921.05 ar 16 Feabhra 2010 agus eisíodh an chuid eile den íocaíocht de 25% de €640.34 ar 23 Márta 2010.
Tar éis cros-seiceáil a dhéanamh idir an t-iarratas don Scéim Íocaíochta Aonair do 2010 ón duine ainmnithe agus plean agra-chomhshaoil an REPS fuarthas amach nár dearbhaíodh cuid de na tailte coimíneachta a dearbhaíodh ar na hiarratais d'Íocaíocht Aonair Feirme do na cúig bliana roimhe. Is riachtanas é do gach coimíneacht a tharraingítear anuas faoin REPS 4 gur gá do na tailte a bheith dearbhaithe ar iarratas d'Íocaíocht Aonair do na cúig bliana roimhe. Sa chás seo níor comhlíonadh an riachtanas seo de bharr agóide dlí ina bhfuil cúrsaí úinéireachta i gceist.
Tá iniúchadh á dhéanamh ag an Roinn ar an gcás seo faoi láthair.
No comments