Written answers
Tuesday, 20 September 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Limistéir faoi Chosaint Speisialta
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 316: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige síneadh ama a chur leis an sprioclá d'aighneachtaí a chur isteach in aghaidh ainmniú ceantar i gConamara mar Limistéir faoi Chosaint Speisialta, de bharr an imní atá ar dhaoine faoin ainmniú seo agus an deacracht atá ag daoine na mapaí atá riachtanach le haighneacht a chur isteach a fháil, ón 21ú Meán Fómhair go deireadh Dheireadh Fómhair ar a laghad; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24784/11]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá athbhreithniú déanta agam ar an tréimhse inar féidir aighneachtaí a chur isteach i gcoinne ainmniú Choimpléasc Phortach Chonamara mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta agus tá cinneadh déanta agam síneadh ama coicíse a chur leis an sprioclá go dtí Dé Céadaoin, 5 Deireadh Fómhair 2011.
No comments