Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

An Teanga Gaeilge

7:00 pm

Photo of Michael ColreavyMichael Colreavy (Sligo-North Leitrim, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 33: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an molfaidh sé beartas faoinar chóir Billí uile an Rialtais a thionscnamh go dátheangach chun a chinntiú go bhfoilseofaí Achtanna i gcomhtráth sa dá theanga oifigiúla dá bharr sin agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21792/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, is faoi Choimisiún Thithe an Oireachtais atá sé Billí agus Achtanna Oireachtais a fhoilsiú. Tá dualgas reachtúil ann faoi alt 7 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Achtanna Oireachtais a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. Níl aon dualgas reachtúil ann maidir le Billí a thionscain sa dá theanga oifigiúla.

Tá athbhreithniú le déanamh ag mo Roinnse ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gClár an Rialtais. Tá na céimeanna tosaigh le dlús a chur leis an athbhreithniú sin á dtógáil faoi láthair, ar a n-áirítear téarmaí tagartha a dhréachtú, a thógfaidh san áireamh stádas na Gaeilge sa Bhunreacht, spriocanna an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus na bealaí is éifeachtaí chun seirbhísí an Stáit a sholáthar don phobal trí mheán na Gaeilge.

Reáchtálfar próiseas comhairliúcháin phoiblí mar chuid den athbhreithniú seo. Táim cinnte go bhféadfaí a leithéid de mholadh maidir le Billí a thionscnamh sa dá theanga oifigiúla a thógáil san áireamh le linn an athbhreithnithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.