Written answers
Thursday, 21 July 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Údarás na Gaeltachta
7:00 pm
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 31: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén plean atá ag an Rialtas maidir le bord Údarás na Gaeltachta a ainmniú; an bhfuil an Rialtas ag dul i gcomhairle le pobal agus eagraíochtaí na Gaeltachta chun córas nua a chruthú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21789/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Ag cruinniú Rialtais ar 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas roinnt cinntí sonracha polasaí maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta. I measc na gcinntí seo, rinneadh cinneadh líon na gcomhaltaí ar bhord Údarás na Gaeltachta a laghdú go substaintiúil agus deireadh a chur leis an riachtanas toghcháin a ghairm do bhord an Údaráis. Tá na cinntí polasaí seo ag teacht le haidhm an Rialtais go mbeadh boird Stáit ag feidhmiú go héifeachtach ar bhonn sruthlínithe. Tá sé i gceist na cinntí seo a chur i bhfeidhm trí fhorálacha sa Bhille Gaeltachta a bhfuiltear ag súil lena fhoilsiú níos moille i mbliana.
Sa chaoi is nach gcaillfear an ghné dhaonlathach mar thoradh ar na hathruithe ar bhord an Údaráis, tiocfar ar mheicníocht faoin mBille chun gur féidir le húdaráis áitiúla, a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram, líon áirithe comhaltaí a ainmniú ar bhord an Údaráis. Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta na comhaltaí eile a ainmniú mar thoradh ar shaineolas ar leith a bheith acu i réimsí gnímh an Údaráis.
Ar ndóigh, tabharfar deis don phobal tuairimí agus moltaí a chur in iúl maidir leis na hathruithe seo, tráth a fhoilseofar an Bille Gaeltachta.
No comments