Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

An Teanga Gaeilge

7:00 pm

Photo of Michael ColreavyMichael Colreavy (Sligo-North Leitrim, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 25: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i bhfianaise thuairim an Choimisinéara Teanga go bhfuil dhá chomhlacht poiblí - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an tArd-Mhúsaem - ag sárú a ndualgas reachtúil teanga, cad iad na céimeanna a ghlacfaidh sé chun an fhadhb seo a réiteach. [21782/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga faoi alt 26(5) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais más rud é go bhfeictear dó go bhfuil comhlachtaí poiblí ag sárú a gcuid dualgais reachtúla teanga.

Ag eascairt as imscrúduithe atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá tuarascáil maidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Ard-Mhúsaem na hÉireann curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais aige. Ar ndóigh, is ar Thithe an Oireachtais féin atá sé aon chéim bhreise a thógáil, má mheasann siad gur cuí dóibh a leithéid a dhéanamh.

Cé go bhfaigheann Oifig an Choimisinéara Teanga maoiniúó mo Roinnse dá buiséad riaracháin, is oifig reachtúil í atá neamhspleách i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.