Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Straitéis 20 Bliain

7:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 24: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé in ann níos mó eolais a thabhairt don Teach mar gheall ar an tslí ina bhfuil siad chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm taobh amuigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21862/11]

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 30: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a fhoilseofar an plean forfheidhmithe maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21793/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá rún agam Ceisteanna Uimh. 24 agus 30 a fhreagairt le chéile.

Ag cruinniú Rialtais ar an 31 Bealtaine 2011, tógadh cinntí gur mar seo a leanas a bheidh na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain:

· Go bhfanfaidh an lár-fhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon ar mo Roinn;

· Go leanfaidh Foras na Gaeilge ag feidhmiú mar áisíneacht teanga thuaidh/theas;

· Go mbeidh mo Roinn, i gcomhpháirtíocht le páirtnéiríábhartha Stáit, freagrach as cur i bhfeidhm na Straitéise lasmuigh den Ghaeltacht agus go mbreathnófar ar na féidearthachtaí go bhféadfadh Foras na Gaeilge seachadadh a dhéanamh ar eilimintíáirithe den Straitéis ar bhonn comhaontaithe le mo Roinn; agus,

· Go mbeidh Údarás na Gaeltachta freagrach as cur i bhfeidhm na Straitéise sa Ghaeltacht.

Feictear dom go bhfuil go leor dul chun cinn á dhéanamh ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tá Aonad Straitéise bunaithe i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na Straitéise a threorú. Tá plean forfheidhmithe bliana agus trí bliana do chur i bhfeidhm na Straitéise ag mo Roinn ullmhaithe ag an Aonad Straitéise. Tá an tAonad Straitéise ag dul i ndáil chomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara eile faoin Straitéis chun a gcuid pleananna forfheidhmithe siúd a lorg fosta. Feictear dom go mbeadh sé cuí agus cóir go bhfoilseofaí na pleananna forfheidhmithe seo in am tráth ar líne sa chaoi is go mbeadh rochtain éasca orthu.

Tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag an Aonad Straitéise chun dlús a chur le forfheidhmiú na Straitéise. I bhfianaise an tábhacht ar leith a bhaineann le réimse gnímh an oideachais faoin Straitéis, tá grúpa oibre ardleibhéil bunaithe idir oifigigh ó mo Roinn agus oifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Bhí dhá chruinniú ag an ngrúpa oibre seo go dtí seo i mbliana agus tá tús áite á thabhairt do na tosaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise i réimse gnímh an oideachais, ag tógáil san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire.

Tá grúpa oibre ardleibhéil eile bunaithe idir oifigigh ó mo Roinn, ó Fhoras na Gaeilge agus óÚdarás na Gaeltachta. Tá an grúpa seo dírithe ach go háirithe ar idirdhealú a dhéanamh idir feidhmeanna reachtúla na Roinne, an Fhorais agus an Údaráis sa chaoi is gur féidir a chinntiú go mbeidh an luach is fearr ar airgead ag an Státchiste agus nach mbeidh aon dúbláil soláthair ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm na Straitéise ag na comhlachtaí poiblí seo. Bhí dhá chruinniú ag an ngrúpa oibre seo go dtí seo i mbliana chomh maith.

Ní miste a lua fosta go bhfuil grúpa oibre ardleibhéil eile bunaithe idir oifigigh ó mo Roinn, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta chun plé a dhéanamh ar na bealaí is éifeachtaí chun infheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht a chinntiú sa todhchaí.

Faoi láthair, is í an tosaíocht is mó tábhachta atá ag an Aonad Straitéise sa Roinn ná an obair atá ar siúl ar na cinn a dhréachtú don Bhille Gaeltachta faoi láthair. Táthar ag súil go bhfoilseofar an Bille seo níos moille i mbliana, ag brath ar chlár reachtaíochta an Rialtais. Déanfar forálacha faoin mBille Gaeltachta do na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis, de réir mar is cuí, agus don sainmhíniúúr ar an nGaeltacht.

Mar aitheantas ar an mborradh atá tagtha faoin nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht le roinnt blianta anuas, tá sé tábhachtach nach mbeidh an sainmhíniúúr ar an nGaeltacht teoranta do na ceantair sin amháin a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Chuige sin, tabharfar stádas reachtúil faoin mBille Gaeltachta do cheantair eile 'Gaeltacht gréasáin' atá lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge. Chomh maith leis seo, tabharfar stádas reachtúil faoin mBille do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta - bailte atá taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht, mar atá sí aitheanta faoi láthair, ina mbeidh raon leathan seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil do cheantair Ghaeltachta atá suite cóngarach do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.