Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Seirbhísí Farantóireachta

7:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 397: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó tharla cúraimí na nOileán a bheith air céard atáá dhéanamh aige lena chinntiú go mbeidh daoine i gcathaoireacha rothaí in ann dul ar gach seoladh ó Ros an Mhíl go dtí Oileáin Árann agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22372/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá fóirdheontas ar fáil ó mo Roinnse chun seirbhís farantóireachta a chur ar fáil idir Ros an Mhíl agus na hOileáin Árann. Tuigtear go mbíonn deacrachtaíó am go ham maidir le cathaoireacha rotha a thabhairt ar na báid farantóireachta, ag brath ar an taoide ar an bhfarraige. Tá comhráití ar bun faoi láthair idir mo Roinnse, an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Oifig na Suirbhéireachta Muirí agus an comhlacht farantóireachta atá ag soláthar na seirbhíse faoin bhfóirdheontas. Táim dóchasach go mbeifear in ann teacht ar shocrú, sa ghearrthréimhse agus san fhadtréimhse, sa chaoi is go réiteofar an fhadhb atá luaite ag an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.