Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Caighdeán na Gaeilge

7:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 396: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist an leagan leasaithe de Chaighdeán na Gaeilge a réitíodh taobh istigh dá Roinn a fhoilsiú agus má tá cén uair a fhoilseofar é agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22369/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, cuireadh tús sa Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, mar a bhí, le próiseas athbhreithnithe ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge bliain ó mhí Aibreáin seo caite. Tháinig deireadh le gairid leis an tréimhse a bhí leagtha amach do shraith cruinnithe an Choiste Stiúrtha, a bhí i mbun na hoibre sin. Tá sé i gceist a chinntiú go gcuirfear bailchríoch ar obair an Choiste sin chomh luath agus is féidir. Tá súil agam nach fada go mbeidh cinneadh fógartha faoi na socruithe foilsitheoireachta do Chaighdeán leasaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.