Written answers
Tuesday, 28 June 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Tionscal na hIascaireachta
8:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 299: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige a chur in iúl d'Údarás na Gaeltachta nach bhfuil cosc orthu deontais a cheadú d'fheirmeacha bradán i bhfianaise na bhfreagraí a cuireadh ar cheisteanna parlaiminte chuig an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha á léiriú nach bhfuil cosc ar a leithéid; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17372/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Níl aon fheidhm a reachtáil ag mo Roinnse i ndáil leis an gClár Náisiúnta um Bia Mara.
Dírím aird an Teachta, áfach, ar an bhfreagra a tugadh ar Cheist Dála Uimhir 277 de 31 Bealtaine 2011 a shoiléiríonn gurb é an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, i gcomhar leis an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, a thóg an cinneadh nach dtabharfaí aon chúnamh airgeadais le linn an Chláir Náisiúnta sin do shealbhóirí na gceadúnas dobharshaothraithe bradán mara go dtí go réiteofaí go sásúil an cheist maidir leis an tionchar diúltach a bheadh ag míolta mara a thagann ó fheirmeacha bradán ar shalmainidí fiáine imirceacha.
Is léir freisin ó fhreagra na Ceiste Dála sin gur mian le hIascaigh Intíre na hÉireann agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha tuilleadh dul chun cinn a fheiceáil ó thaobh míolta mara a chur faoi smacht sula féidir an imní atá orthu faoi shalmainidí fiáine imirceacha a mhaolú.
No comments