Written answers

Tuesday, 28 June 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Deontais Ranna

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 298: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth ar cuireadh deontas ar ceal (sonraí tugtha) nuair a bhí míniú cuimsitheach tugtha faoin bhfáth nach raibh teastas dóiteáin curtha ar fáil go fóill; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17360/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, ceadaíodh deontas arbh fhiú €18,474 ina iomlán (comhdhéanta de €15,395 faoin Scéim Fheabhsúcháin agus €3,079 faoin Scéim CLAR) ar 6 Meitheamh 2006 don togra atá luaite aige chun cabhrú le costais a bhain le hobair athchóirithe. Ceadaíodh an deontas ar an gcoinníoll, inter alia, go gcuirfí teastas dóiteáin ar fáil. I gcomhréir le gnáthchleachtas na Roinne, coinníodh suim arbh fhiú €6,474 siar go dtí go mbeadh an teastas úd curtha ar fáil. Cé go ndearna an Roinn teagmháil thar an tréimhse 5 bliana leis an iarratasóir faoin ábhar, ní bhfuarthas an teastas sin riamh. Gan aon dealramh a bheith ann go mbeadh an teastas curtha ar fail, níor cheap an Roinn go raibh leorchúis ann an cás seo a choinneáil beo agus cuireadh an fuílleach thuasluaite ar ceal ar 7 Meitheamh 2011.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.