Written answers
Tuesday, 31 May 2011
Department of Transport, Tourism and Sport
Scéimeanna Caipitil
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 190: To ask the Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt cé mhéid airgid atá ar fáil in 2011 do na scéimeanna caipitil sa Ghaeltacht, an caiteachas go dáta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13405/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, rinneadh laghdú mór ar an riar caipitil do mo Roinn don bhliain 2011, lena n-áirítear na scéimeanna caipitil Gaeltachta. Táim muiníneach, áfach, go n-éireoidh le mo Roinn a cuid tosaíochtaí a bhaint amach laistigh den riar caipitil a tugadh.
Léiríonn an tábla thíos an riar atá ar fáil i 2011 do na scéimeanna caipitil sa Ghaeltacht agus an caiteachas atá déanta go dáta.
Scéim | Riar Airgid do 2011 | Caiteachas go Dáta |
Deontais Tithíochta | €1,000,000 | €437,465 |
Áiseanna Caitheamh Aimsire | €1,300,000 | €316,668 |
Bóithre Gaeltachta | €130,000 | €0 |
Grúpscéimeanna Uisce | €20,000 | €0 |
Muiroibreacha | €50,000 | €0 |
Iomlán | €2,500,000 | €754,133 |
No comments