Written answers
Tuesday, 31 May 2011
Department of Transport, Tourism and Sport
Imeachtaí Comórtha
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 189: To ask the Aire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt ar ceadaíodh airgead ag aon am do Chomóradh 75 bliain Ráth Chairn Contae na Mí, in 2010; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13403/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Cheadaigh mo Roinnse deontas €20,000 (nó 50% den chostas, cibé acu ba lú) do Chomharchumann Ráth Chairn ar 31 Lúnasa 2010 mar chabhair chun clár imeachtaí a eagrú a raibh sé mar chuspóir aige ceiliúradh a dhéanamh ar an dtréimhse 75 bliain ó bunaíodh an Ghaeltacht ansin. Sainíodh go sonrach mar choinníoll den deontas gur i leith leabhair staire, deilbhe agus léarscáile a raibh an deontas á cheadú, seachas ar chostais a bhain le gnéithe eile den chlár imeachtaí a bhí leagtha amach.
Ní raibh ar chumas mo Roinne an deontas a íoc leis an gComharchumann go fóill os rud é nár soláthraíodh fianaise do mo Roinn gur comhlíonadh an coinníoll a bhain leis an ndeontas. Lorg an Comharchumann achomharc ar an gcinneadh sin agus tá an t-achomharc idir lámha ag mo Roinn faoi láthair.
No comments