Written answers
Wednesday, 3 November 2010
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Údarás na Gaeltachta
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 65: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige dul ar aghaidh le Bainisteoir Reigiúnach buan a cheapadh d'oifig an Údaráis i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39270/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, tá moratóir i bhfeidhm maidir le líonadh post i ranna agus in áisínteachtaí Stáit i gcoitinne agus, ach an oiread le gach eagras Stáit eile, ní mór d'Údarás na Gaeltachta cloí le téarmaí an mhoratóra agus a chuid acmhainní foirne a bhainistiú dá réir.
No comments