Written answers
Wednesday, 3 November 2010
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Bóithre Straitéiseacha agus Bóithre Áise
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 64: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cad é an t-allúntas a cuireadh ar fáil i mbliana: (a) do Bhóithre Straitéiseacha; (b) do Bhóithre Áise, sna ceantair Ghaeltachta; agus an mbeidh allúntas ann don bhliain seo chugainn faoi na scéimeanna céanna. [39271/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá soláthar de €2m curtha ar fáil i Meastacháin mo Roinne in 2010 le haghaidh feabhsúcháin sa Ghaeltacht, ar a n-áirítear bóithre straitéiseacha agus áise, muiroibreacha, grúpscéimeanna uisce agus a leithéid a chur i gcrích. Baineann €950,000 den soláthar seo le bóithre áise agus bóithre straitéiseacha. Níl aon chinneadh déanta maidir le soláthar 2011 go fóill.
No comments