Written answers

Tuesday, 17 November 2009

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

10:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 336: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé cinnte go mbeidh toghchán ann do bhord Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2010; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41682/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Reachtáladh an toghchán deireanach d'Údarás na Gaeltachta ar 2 Aibreán 2005. Faoi réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an tÚdarás, ní mór an chéad toghchán eile a reachtáil am éigin sa tréimhse idir 1 Aibreán 2009 agus 1 Deireadh Fómhair 2010. Mar is eol don Teachta, tá moltaí éagsúla maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht á bplé ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcomhthéacs na Tuarascála ón Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá á hullmhú i láthair na huaire. Sna cúinsí sin, níl sé i gceist agam cinneadh a thógáil ag an bpointe seo maidir le dáta don chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.