Written answers
Tuesday, 17 November 2009
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Ghaeilge
10:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 333: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a sheolfar an straitéis fiche bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41679/09]
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 334: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh dréacht-sainmhíniú aige ar cad is Gaeltacht ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41680/09]
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 335: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na moltaí atá aige i leith athruithe ar Theorainneacha na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41681/09]
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 347: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conas mar atá ag éirí leis an dréachtadh agus leis an bpleanáil maidir leis an bPlean Straitéiseach 20 Bliain don Ghaeilge; agus an bhfuil pleananna san áireamh ann chun an Ghaeilge a fhorbairt i mbailte móra ina bhfuil an Ghaeilge láidir mar theanga labhartha i measc gréasán pobal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41807/09]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 333, 334, 335 agus 347 le chéile.
Tá dréacht den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus don Ghaeltacht faoi bhreithniú ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá sé i gceist an dréacht a chur chuig an gCoiste Oireachtais ar Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta d'fhonn comhairliúchán deiridh a dhéanamh roimh ceadú agus foilseachán foirmiúil. Tá súil agam go dtarlóidh sé sin go luath.
Maidir le ceist na dteorainneacha agus sainmhíniú na Gaeltachta, tá moltaí déanta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht faoi gnéithe éagsúla a bhaineann leis an nGaeltacht, ar a n-áirítear na nithe seo. Cuireadh gach atá sa Staidéar sin agus moltaí eile maidir le forbairt na Gaeilge i gceantair uirbeacha san áireamh nuair a bhí dréachtú á dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Mar atá ráite agam, tá an doiciméad seo faoi chaibidil ag Coiste Rialtais agus, ar ndóigh, ní féidir liom dul isteach i sonraí na Straitéise go dtí go mbeidh sé aontaithe ag an Rialtas.
No comments