Written answers
Thursday, 9 July 2009
Department of Finance
Faoiseamh Cánach
12:00 pm
Richard Bruton (Dublin North Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 118: To ask the Aire Airgeadais an leasóidh sé alt 476 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 ionas go mbeidh faoiseamh cánach ar fáil i leith chaiteachas an fhoghlaimeora ar chúrsaí teagaisc Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28776/09]
Brian Lenihan Jnr (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá faoiseamh cánach ar fáil faoi alt 476 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 i gcás táillí a íocann daoine ar chúrsaí oiliúna sa teicneolaíocht faisnéise agus i dteangacha eachtracha. Caithfidh na cúrsaí oiliúna, a fhéadfaidh maireachtáil suas go dtí dhá bhliain, bheith faofa ag FÁS. Tá an faoiseamh cánach, a thugtar ar an ráta caighdeánach cánach, ar fáil do tháillí suas go dtí €1,270, faoi réir íosmhéid de €315. Chun bheith cáilithe faoi choinne an fhaoisimh ní mór do dhuine teastas inniúlachta a fháil ar chríochnú an chúrsa.
In alt 476 ciallaíonn 'teanga eachtrach' teanga seachas teanga oifigiúil an Stáit. Tá faoiseamh cánach faoin alt srianta do chúrsaí oiliúna i dteangacha eachtracha, mar soláthraíonn an Stát tacaíocht fhairsing cheana féin i gcás an Bhéarla agus na Ghaeilge do mhicléinn bhunleibhéil agus do mhicléinn ar an dara leibhéal. I bhformhór na gcúinsí bíonn na hábhair seo éigeantach do mhicléinn bhunscoile agus do mhicléinn dara leibhéal. Os a choinne sin ní bhíonn teangacha eachtracha agus teicneolaíocht faisnéise éigeantach ag an dara leibhéal.
Tá faoiseamh cánach breise ar fáil faoi alt 473A ar tháillí a íoctar ar chúrsaí faofa oideachais tríú leibhéal i gcoláistí faofa. Níl aon sriantaí ar na teangacha atá ináirithe faoin alt seo.
Bheadh sé deacair leasú ar alt 476 chun cúrsaí i dteanga na Gaeilge a thabhairt san áireamh a chosaint nuair a chuirtear na tacaíochtaí uile Stáit atá ann don teanga Ghaeilge cheana féin san áireamh.
No comments