Written answers
Thursday, 9 July 2009
Department of Finance
Stádas na Gaeilge
12:00 pm
Richard Bruton (Dublin North Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 119: To ask the Aire Airgeadais an gcuirfidh sé iallach ar na bainc eile a bhain leas as barántas €400 billiún agus athchaipitealú fial an Stáit rogha na Gaeilge a chur ar fáil do na custaiméirí a úsáideann na seirbhísí baincéireachta ar-líne agus na hinnill airgid acu, i bhfianaise an tiomantais don teanga atá léirithe ag banc (sonraí tugtha) cheana féin trí rogha na Gaeilge a chur ar fáil ar gach uathmheaisín bainc dá chuid, agus ós amhlaidh go ndéanann na bainc freastal ar an bpobal de bhun ceadúnais agus le cabhair ón Stát anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28777/09]
Brian Lenihan Jnr (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is cinneadh don bhanc féin é an chaoi a gcuireann aon institiúid a seirbhísí ar fail.
Tugaim faoi deara, áfach, go bhfuil rogha Gaeilge curtha ar fáil ar uathmheaisíní ar iarratas ó chustaiméirí ag an institiúid dar thagair an Teachta. Ba mhaith liom a rá go bhfáiltím i gcónaí roimh thionscnaimh ó chomhlachtaí corpartha a chuireann an teanga náisiúnta chun cinn.
No comments