Written answers

Wednesday, 1 July 2009

Department of Education and Science

Canúintí na Gaeilge

11:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 278: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an mbeadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sásta cúrsa a chur ar siúl do chúigear as gach Gaeltacht lag chun go mbeidh siad ar ardchumas cainte sa chanúint sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26636/09]

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 279: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an mbeadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sásta go múinfí an chanúint labhartha áitiúil sna scoileanna Gaeltachta chomh maith leis an gCaighdeán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26637/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá fúm ceisteanna 278 agus 279 a thógáil le chéile.

Soláthraíonn scoileanna sa Ghaeltacht oideachas trí mheán na Gaeilge. Ina theannta sin, cuireann gréasán coláistí oideachais cúrsaí ar fáil do dhaoine óga agus d'aosaigh atá ceaptha chun inniúlacht sa sprioctheanga a fheabhsú agus deiseanna a thabhairt do mhic léinn iad féin a thumadh i gcanúint agus i gcultúr na háite. Tá mar sin an-deis ag foghlaimeoirí iad féin a thumadh i gcanúintí na Gaeltachta más mian leo déanamh amhlaidh.

Is í an phríomhaidhm i gceantair Gaeltachta ná an méid is mó is féidir de mhic léinn a spreagadh chun úsáid na Gaeilge labhartha go laethúil mar an gnáthmheán cumarsáide acu. Cuireann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta raon cuimsitheach tacaíochtaí ar fáil chomh maith chun teanga agus cultúr na Gaeltachta a chur chun cinn.

Is cinnte go mbeadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sásta go múinfí an chanúint labhartha áitiúil sna scoileanna Gaeltachta - ós í an chanúint a bhfuil sinsearacht aici sa cheantar áirithe a bheadh i gceist don scoil Ghaeltachta. Tuigtear leis an gcaighdeán an foilseachán údarásach a ngéilltear dó i scríobh na Gaeilge 'Caighdeán na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil' a foilsíodh don chéad uair in 1958. Baineann an saothar seo le scríobh na Gaeilge a chaighdeánú. Ní thuigtear leis an téarma 'an caighdeán' ach scríobh na Gaeilge agus ní bhaineann sé le labhairt na teanga mar nach n-aithnítear ceann ar bith de chanúintí na Gaeilge thar cheann eile mar chaighdeán labhartha.

Is é an scéal maidir le canúintí sa chóras scoile ná go ndéanann curaclam na Gaeilge do bhunscoileanna soláthar do chruinneas fuaimnithe a fhorbairt chomh maith le líofacht agus stór focal. Bíonn sé ag súil go ndéanfaidh daltaí éisteacht struchtúrtha agus gníomhaíocht na fuaimnithe chun cabhrú leo máistreacht a fháil ar fhuaimeanna ar leith na Gaeilge. Tá tagairtí do thábhacht na gcanúintí tríd síos sna siollabais do Ghaeilge ag an dara leibhéal.

Déanann an curaclam Gaeilge atá sainiúil do dhaltaí i nGaelscoileanna soláthar chomh maith d'fheasacht na ndaltaí ar chanúintí éagsúla a fhorbairt agus bíonn sé ag súil go mbeidh ar chumas na ndaltaí insna scoileanna seo aithint idir chanúintí éagsúla. Fónann Séideán Sí, an clár Gaeilge do scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc acu, clár atá maoinithe ag mo Roinnse, do thrí phríomhchanúintí na Gaeilge.

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 280: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun fadhbanna bunúsacha a bhaineann le hoiliúint múinteoirí ó thaobh na Gaeilge de a réiteach i bhfianaise na dtuairiscí taighde Preparing Teachers for the 21st Century agus Measúnú ar Theagasc agus ar Fhoghlaim na Gaeilge sna Bunscoileanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26638/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is féidir gur eol don Teachta go bhfuil ról reachtúil ag an gComhairle Múinteoireachta maidir le hathbhreithniú na gcaighdeán a theastaíonn i gcomhair iontrála ar ghairm na múinteoireachta, ar a n-áirítear na caighdeáin eolais, scile agus inniúlachta a theastaíonn do chleachtas na múinteoireachta. Tá a cuid oibre maidir leis an athbhreithniú seo tosaithe ag an gComhairle agus cuirfidh sí amach Straitéis d'Athbhreithniú agus Creidiúnú Clár Oideachas Tosaigh Múinteoirí. Chun na críche seo, reáchtáil an Chomhairle sraith fóram comhairleach do pháirtithe leasmhara san oideachas i bhFeabhra agus i nDeireadh Fómhair an bhliain seo caite, agus tá an Chomhairle ag leanúint di ag dul i gcomhairle leis na Comhpháirtithe Oideachais, mo Roinnse ina measc, maidir leis an Straitéis.

Tá raon beart curtha i bhfeidhm ag mo Roinn a bhfuil sé d'aidhm acu torthaí a fheabhsú maidir le foghlaim na Gaeilge agus inniúlacht inti. Tá an tionscnamh Tús Maith ag an mbunleibhéal ina chuid den tSeirbhís Forbartha Gairme Bunoideachais. Is iad an dá aidhm ná feabhas a chur ar mhúineadh na Gaeilge agus ar inniúlacht agus féin-mhuinín múinteoirí na Gaeilge.

Soláthraíonn cuiditheoir? Tús Maith raon tacaíochtaí do mhúinteoirí, san áireamh tacaíocht sa seomra ranga, tacaíocht scoile uile agus ceardlanna agus gníomhaíochtaí teangabhunaithe iarscoile. Tá an fhoireann faoi láthair ag obair le Spriocscoileanna ag cur diantacaíochta marthanaí ar fáil a mbíonn ardleibhéil tionchair mar thoradh uirthi.

Ag leibhéal an iarbhunoideachais tá seirbhís tacaíochta sainiúil don ábhar don Ghaeilge bunaithe ó Mheán Fómhair i leith.

Tá an tseirbhís ina cuid den tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal a chuireann ar fáil tacaíocht cláir agus curaclach sainiúil don ábhar, agus tacaíocht don mhúinteoireacht agus don fhoghlaim go ginearálta i scoileanna dara leibhéal.

Soláthraíonn an tseirbhís tacaíochta don Ghaeilge tacaíocht d'fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí dara leibhéal Gaeilge go ginearálta agus tacaíocht do mhúineadh agus d'fhoghlaim gach gné de na siollabais Gaeilge.

Tá roinnt cúrsaí ann chomh maith a bhfuil sé d'aidhm acu inniúlacht sa Ghaeilge a mhéadú tríd an gclár "Cúrsaí Samhraidh" a reáchtáiltear tríd an ngréasán lárionad oideachais agus bíonn roinnt díobh seo ar siúl sa Ghaeltacht. Ina theannta sin, coinnítear cuóta ionad gach bliain insna Coláistí Oideachais d'iarratasóirí as ceantair Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.